Má sheolann tú sonraí phearsanta, mar shampla focail fhaire, ar an Idirlíon gan chriptiú, tá sé an-éasca do chúléisteoir iad a idircheapadh. Má tá tú ag logáil isteach i suíomh Gréasáin, ba chóir duit deimhniú go n-úsáideann an suíomh criptiú HTTPS, rud a chosnaíonn ar an sórt seo cúléisteachta thú. Is féidir leat é seo a dheimhniú sa bharra URL: má tá do cheangal criptithe, tosóidh an seoladh le “https://”, in áit “http://”.

Taispeánann an pictiúr seo an t-eolas atá cúléisteoirí in ann a fheiceáil le Brabhsálaí Tor agus criptiú HTTPS, agus gan iad:

  • Tar éis duit an cnaipe “Tor” a chliceáil, taispeánfar na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair a úsáideann tú Tor. Iompóidh an cnaipe uaine mar léiriú go bhfuil Tor ar siúl.
  • Tar éis duit an cnaipe “HTTPS” a chliceáil, taispeánfar na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair a úsáideann tú HTTPS. Iompóidh an cnaipe uaine mar léiriú go bhfuil HTTPS ar siúl.
  • Nuair a bhíonn an dá chnaipe uaine, léiríonn sé na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair a úsáideann tú Tor agus HTTPS le chéile.
  • Nuair a bhíonn an dá chnaipe liath, léiríonn sé na sonraí a bhíonn cúléisteoirí in ann a fheiceáil nuair nach n-úsáideann tú Tor ná HTTPS.



POTENTIALLY VISIBLE DATA
Tuairisc.ie
An suíomh a dtugtar cuairt air.
úsáideoir / focal faire
Ainm úsáideora agus focal faire a úsáidtear le fíordheimhniú.
sonraí
Na sonraí á n-aistriú.
suíomh
Seoladh an ríomhaire a úsáideadh chun cuairt a thabhairt ar an suíomh (an seoladh IP poiblí).
Tor
An bhfuil Tor in úsáid nó nach bhfuil.